An Ghaeltacht Football

AN NUACHT IS DÉANAÍ:

Léinte Imeartha nua ar fáil anseo.

Córas Ballraíochta ar-líne ar fáil anseo.

Nuachtlitir na gClub CLG do mhí Aibreán ar Fáil anseo

Árd Dioplóma i Léiriú Teilifíse:

Tá sonraí faoi chúrsa Ard Dioplóma i Léiriú Teilifíse fógartha. gach eolas anso.

Sraith Soisir an Cho:

Beidh an fhoireann soisir ag cuir tús lena seasúr Dé hAoine beag seo as baile i gcoinne Ghleann Fleisce. Is é seo an chéad chluiche acu fén bhfoireann bainistíochta nua- Jimmy Ó Conchúir, Breandán Breathnach & Tomás Ó Conchúir.

Sraith Sinsir an Cho:

Tar éis a gcliseadh i gcoinne Abha na Scáil i nGallaras Dé Satharn, beidh an fhoireann sinsir á fhéachaint le Cill Chuimín as baile Dé Satharn seo chugainn ar a 7pm.

Plean 5 Bliana an Chumainn:

Chun cabhrú linn an plean forbartha 5 bliana don gclub a chur le chéile beidh ceardlann ar siúl ar an Aoine seo 11 Beal ag 20.00 sa chlubtheach i nGallarus. Cuirfear fáilte roimh aon duine go bhfuil suim acu nó leas acu sa chlub bheith i láthair chun a gcuid tuairimí a thabhairt dúinn ar an oíche ar cén treo ar chóir don chlub a thógaint sna 5 bliana romhainn. Beifear ag tabhairt aird ar 5 ghnéith forbartha agus siadsan: 1. Forbairt na gcluichí ag na leibhéil sinsear agus faoi aois; 2. Cúrsaí airgeadais – bailiú agus caitheamh an airgid 3. Forbairt na ngort agus na maoine 4. Cúrsaí caidrimh phoiblí – cur ar fáil eolaise, cultúr agus teanga 5. Cúrsaí riarachán agus struchtúir na gcoistí. Plé neamhfhoirmeálta a bheidh i gceist i bhfoirm ceardlainne agus beidh beirt ó bhord an Chontae ag stiúradh na hócáide. Táthar ag súil go dtabharfar aird ar cad iad na rudaí gur chóir don chlub a dhéanamh agus cad iad na rudaí nár chóir do sna blianta romhainn agus tá comhairle mhuintir na Gaeltachta ag teastáil uainn do seo cuma cén nasc atá agat leis an gclub.

An Chraobh Idirmheánach:

Táimid ag imirt i gcoinne Piarsaigh na Dromada De Satharn beag seo i gcluiche ceathrú ceannais Chraobh Idirmheánach an Chontae i nGallaras ag 6.30pm. Seo an chluiche is tábhachtaí fós i mbliana, agus ba mhór linn slua tacaíochta ollmhór.

Cúl Camps an tSamhraidh:

Tá sonraí na gCampaí Cúl don samhradh seo fógartha. Is é Tommy Beag a bheidh i bhfeighil na gcampaí i gCiarraí Thiar. Tá gach eolas, chomh maith le foirm iarratais, le fáil anseo. .

NUACHT NÍOS SINNE ANSEO

BAILE STAIR ONÓRACHA PICS FÍS COISTE TEAGMHÁIL NAISC OBAIR
clgnagaeltachta@gmail.com